Ó bhean an tí
(O Woman of the House)

Ó éirigí suas a thogha na bhfear is cuirigí píc ar bharr gach cléith,
Leagaigí síos iad lucht an droch-chroí agus cuirigí dlí na Fraince ar bun,

Curfá
Agus ó bhean an tí, cén bhuairt sin ort?
Ó bhean an tí, fá dhó nó trí,
beidh an talamh gan chíos ón bhliain seo amach,
Agus ó bhean an tí, nach suairc é sin?

Tá jug ar an bhord is tá beoir ag teacht,
tá arm go leor ag an Duke of York,
Tá an Francach is an Spáinneach ar bhruach na trá,
agus b'fhearr liom go mór é ná cómhra ban

Curfá

Mo chreach is mo chrá nuair a bhí mé beag,
in aois mo dhá bhliain sular smaoinigh mé ar olc,
Nach ndeachaigh mé ar bord nó in arm an Rí,
sular chaith mé mo shaol ag dul timpeall ort

Curfá

Go mbristear mo dhroim faoin ualach seo,
ma thigim arís ag cur buartha ort,
Is a liacht bean óg as seo go hAbhainn Mhór,
a shiúlfadh an ród is a d'ólfadh deoch

Curfá


Back to Clannad Lyrics at Ceolas